“We have to change innovation from a buzzword in Europe, to a by word for Europe.”Author: José Manuel Barroso
Tá tú ar cuairt ar shuíomh Gréasáin Lárionad na Slóivéine um Iomaíochas agus Nuálaíocht (LSIN) Is clár speisialta Ghníomhaireacht Phoiblí Phoblacht na Slóivéine um Fhiontraíocht agus Infheistíóchtaí Coigríche (JAPTI) é LSIN atá maoinithe ag Aireacht na hEacnamaíochta de chuid na Slóivéine.
Is é misean JAPTI ná iomaíochas eacnamaíoch na Slóivéine a fheabhsú trí chúnamh teicniúil agus airgeadais a thabhairt d’fhiontraithe agus infheisteoirí. Is pointe fócasach teagmhála é d'fhiontraithe Slóivéanacha, infheisteoirí coigríche, easpórtálaithe agus impórtálaithe áitiúla, agus oibríonn sé go dlúth leis na príomhgníomhaithe straitéise, ina measc, Poblacht na Slóivéine agus na húdaráis áitiúla, chomh maith le comhlachais, ghnó, trádála agus ghairmiúla.
Is comhéadán gníomhach é LSIN idir úsáideoirí agus a riachtanais agus timpeallachtaí tacaíochta eile. Is é an príomhaidhm atá againn ná aonaid ghnó atá ag feidhmiú i ngoirt éagsúla nuálaíochta a líonrú. Ba mhaith linn a ngíomhaíochtaí a chumascadh agus iad a dhéanamh níos fusa le húsáid.
Is uirlis idirghníomhach é an suíomh Gréasáin Imam idejo! i gcomhair úsáideoirí nuálaíocha a bhfuil tacaíocht airgeadais, teicniúil, dlíthiúil agus eile á lorg acu a bhaineann leis an aireageán sofaisticiúil nó scéim imlíneach atá acu. Is é an chiall atá ag an bhfrása Slóivéanach Imam idejó! ná Tá smaoineamh agam! Is gairm ar dhaoine nuálaíocha é Faoi láthair níl fáil air ach i Slóivéinis ach, go speisialta duitse, beidh sé á sholáthar as Gaeilge go luath.
Más mian leat dul i dteagmháil le cuideachtaí Slóivéanacha ardteicneolaíochta nó institiúidí tacaíochta ó thimpeallacht ghnó eagsúil, nó brabhsáil tríd an liosta infheisteoirí ón tSlóivéin, brúigh na naisc. Agus ansin beidh deis agat fós spléachadh a thabhairt ar mhalartán na n-aireagán.